Module Code - Title:
GA3023
-
AN CLEACHTAS DÁTHEANGACH
Year Last Offered:
2024/5
Hours Per Week:
Grading Type:
N
Prerequisite Modules:
Rationale and Purpose of the Module:
Tuiscint ar an dátheangachas agus dearcadh dearfach ina leith a chothú; Pobal na teanga a fhiosrú, idir chainteoirí traidisiúnta agus nuachainteoirí agus tuiscint a chothú i leith ilchineálacht an phobail ó thaobh cúlra sochtheangeolaíoch, inspreagadh agus iompar teanga na gcainteoirí; Cabhrú le mic léinn caidrimh níos fearr a chothú le cainteoirí Gaeilge éagsúla; Úsáid na Gaeilge mar rogha teanga, faoi thionchar fórsaí éagsúla, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, a iniúchadh; Smaointeoireacht chriticiúil i dtaca leis an mbeartas oifigiúil teanga agus an dearcadh poiblí i leith na Gaeilge a spreagadh
To promote understanding of and a positive attitude towards bilingualism; To engage with the concept of the Irish language community, comprising both traditional and new speakers, and to promote understanding of their heterogeneity in terms of sociolinguistic background, motivations and language practices; To aid students in fostering enhanced relationships with Irish speakers of different sociolinguistic backgrounds; To examine the various forces impacting on the use of Irish as a language choice, both within and outside of the Gaeltacht; To promote critical thinking in regards to official language policy and public attitudes to Irish.
Syllabus:
An dátheangachas/an t-ilteangachas mar fheinimeán idirnáisiúnta; buntáistí an dátheangachais; an dátheangachas Béarla-Gaeilge in Éirinn agus pobal teanga na Gaeilge; an Daonáireamh agus foinsí eolais ábhartha eile; stair an iompaithe teanga, an beartas oifigiúil teanga agus samplaí den bhainistíocht teanga; dinimicí teanga sa Ghaeltacht chomhaimseartha; úsáid na Gaeilge mar rogha teanga a bhíonn faoi réir ag fórsaí sóisialta éagsúla; ceisteanna cumhachta, comhionnanais agus cearta teanga; ag tógáil clainne le Gaeilge sa lá atá inniu ann: dúshláin agus féidearthachtaí an bheartais / na pleanála teanga; líonraí Gaeilge, an rannpháirtíocht phobail, nuachainteoirí agus taighde sochtheangeolaíoch reatha.
[Translation for internal purposes only]
bilingualism/multilingualism internationally; the benefits of bilingualism; English-Irish bilingualism in Ireland and the Irish language community; the Census and other data sources; language shift historically, official language policy and examples of language management; language dynamics in the contemporary Gaeltacht; Irish language use as a language choice governed by various societal forces; power, equality and language rights; raising children with Irish: challenges and possibilities of Irish language policy and planning; Irish language networks, community engagement, new speakers and current sociolinguistic research.
Learning Outcomes:
Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)
Agus an modúl seo críochnaithe go rathúil ag na mic léinn, beidh siad in ann:
breathnóireacht chriticiúil ar fhíorbheartas teanga an phobail i gceantar Gaeltachta a chomhlíonadh;
na tosca/fórsaí a théann i bhfeidhm ar roghanna agus ar chearta teanga an chainteora Ghaeilge a shainaithint;
measúnú a dhéanamh ar an meon poiblí i leith na Gaeilge agus ar a thionchar ar dhálaí na teanga; agus
díospóireacht a dhéanamh ar ghnéithe den bheartas oifigiúil teanga i dtaca lena dtionchar ar roghanna agus ar chearta teanga phobal na Gaeilge.
[Translation for internal use only]
On successful completion of this module, the students will be able to:
perform a critical observation of the language dynamics in a Gaeltacht area;
identify the factors/forces which influence the language choices and rights of Irish speakers;
evaluate public attitudes towards Irish and their impact on the vitality of the language; and
debate examples of official Irish language policy in respect of their impact on the language choices and rights of Irish speakers.
Affective (Attitudes and Values)
Agus an modúl seo críochnaithe go rathúil ag na mic léinn, beidh siad in ann:
tuiscint a léiriú ar an dátheangachas Béarla-Gaeilge in Éirinn agus ar na dúshláin a bhaineann le tógáil clainne le Gaeilge go háirithe.
[Translation for internal use only]
On successful completion of this module, the students will be able to:
demonstrate understanding of the nature of English-Irish bilingualism in Ireland particularly in relation to the challenges of raising children with Irish.
Psychomotor (Physical Skills)
N/A
How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:
Múinfear an t-ábhar trí cheardlanna idirghníomhaíocha uair sa tseachtain. Cuirfear béim ar an obair ghrúpa agus ar phlé oscailte chun tarraingt ar thaithí shainiúil agus ar pheirsciptíochtaí na mac léinn agus chun an plé agus an díospóireacht sa rang a spreagadh. Bainfear úsáid as BrightSpace chun ábhar agus acmhainní tacaíochta a chur ar fáil.
Beidh measúnú leanúnach i gceist agus leagfar an bhéim ar an smaointeoireacht chriticiúil neamhspleách. Bíodh is go ndíreoidh an cúrsa go sonrach ar phobal teanga na Gaeilge, beifear ag tarraingt ar litríocht idirináisiúnta léann na sochtheangeolaíochta agus na príomhthéamaí á gcur i láthair (m.sh., leithéidí Romaine (1995); Wei (2000) i dtaca leis an dátheangachas, Fishman (2001; 1991), Kaplan agus Baldauf (1997) agus Spolsky (2009; 2004) i dtaca le mionlú teanga agus pleanáil teanga, Crystal (2000), Grin (2003) agus cáipéisí reachtúla idirnáisiúnta i dtaca le cúrsaí cumhachta agus comhionannais). Mar sin féin, agus a bhuí le suim sheanbhunaithe lucht léinn na Gaeilge i gcúrsaí pleanála teanga, beifear in ann téacsanna Gaeilge den chuid is mó a úsáid mar phríomhábhar (m.sh., Ó Broin (2012), Ní Dhúda (2014), Ó hIfearnáin (2019, 2006), ailt éagsúla in Ó hIfearnáin agus Walsh, ailt éagsúla in Ó hIfearnáin agus Ní Neachtain (2012), Walsh (2011)). Cabhróidh sé seo leis na mic léinn dul i ngleic le réim teanga na sochtheangeolaíochta i nGaeilge, ar dúshlán teanga ar leith é do mhic léinn.
The curriculum design of this module fulfils the UL Graduate Attributes as follows:
• Curious: learners will be problem-solvers and willing to explore with others how best to apply their newly acquired knowledge in the professional context
• Agile: learners will be open-minded and responsive to new ideas and approaches to applying their new knowledge and skills beyond the classroom.
• Responsible: learners will be aware of the cultural dimension to language and will work to create environments that value linguistic and cultural diversity.
• Articulate: learners on this MicroCredential will develop written and oral skills through active engagement in group discussions, presentations, engagement with research literature and case-studies.
Research Findings Incorporated in to the Syllabus (If Relevant):
Prime Texts:
Ó Broin, B. (2012)
Thógamar le Gaeilge iad: taighde agus plé ó thuismitheoirí, gníomhaithe agus scoláirí ar thógáil clainne le Gaeilge.
, BÁC: Coiscéim.
Ó hIfearnáin, T. & Ní Neachtain, M. (2012)
An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc
, BÁC: Cois Life
Walsh, J., O'Rourke, B. agus Rowland, H. (2015)
Tuarascáil Taighde ar Nuachainteoirí na Gaeilge arna hullmhú d'Fhoras na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Foras na Gaeilge.
, Ar fáil ag: http://www.gaeilge.ie/nuachainteoiri
Níc Phaidín, C. & Ó Cearnaigh, S (2008)
A New View of the Irish Language.
, Dublin: Cois Life
Ó hIfearnáin, T. (Eag.) (2019)
An tsochtheangeolaíocht: Taighde agus gníomh
, An Spidéal: Cló Iar-Chonnacht Teo.
Other Relevant Texts:
McCloskey, J. (2001)
Guthanna in Éag: An mairfidh an Ghaeilge beo?
, Baile Átha Cliath: Cois Life
Ní Dhúda, L. (2014)
Roghanna: Lámhleabhar Eolais Faoin bPleanáil Teanga
, Ráth Chairn: Glór nan Gael Teo
Ar fáil ag: http://www.udaras.ie/wp-content/uploads/2015/05/Roghanna-Laoise_Ní_Dhúda-Spreads.pdf
Programme(s) in which this Module is Offered:
DPGHFHUEA - DIOPLÓMA SA GHAEILGE FHEIDHMEACH
Semester(s) Module is Offered:
Autumn
Module Leader:
deirdre.niloingsigh@ul.ie