Page 1 of 1

Module Code - Title:

GA4006 - An Ghaeilge Ghairmiuil

Year Last Offered:

2025/6

Hours Per Week:

Lecture

0

Lab

0

Tutorial

3

Other

0

Private

7

Credits

6

Grading Type:

PF

Prerequisite Modules:

Rationale and Purpose of the Module:

EXISTING Aidhmeanna an mhodúil: Modúl roghnach sa Ghaeilge ghairmiúil a thairiscint do mhic léinn an oideachais. Eolas agus scileanna a thabhairt do mhic léinn a mhúinfidh ábhair phraiticiúla trí mheán na Gaeilge mar chéad nó mar dhara teanga. Cumas teanga a fhorbairt i réimsí a mbaineann leis an saol scoile .i. bainisteoireacht ranga, caidreamh le múinteoirí eile agus le tuismitheoirí agus mar sin de. Cur leis an mbonn sonraí d'iarchéimithe atá inniúil ar mhúineadh trí Ghaeilge, lena chur chomh mór agus is féidir é le hinfhostaíocht na gcéimithe agus le freastal ar riachtanais fhoirne na scoileanna lánGhaelacha. PROPOSED Modúl roghnach sa Ghaeilge ghairmiúil a thairiscint do mhic léinn an oideachais. Cumas teangeolaíochta agus cultúrtha na mac léinn a fhorbairt sa chaoi is go mbeidh siad in ann a n-ábhair roghnacha a mhúineadh go cumasach trí Ghaeilge ag gach leibhéal in iarbhunscoileanna lánGhaeilge. Mic léinn a ullmhú don bhéalscrúdú Teastas Gaeilge do mhúinteoirí Iarbhunscoile.Cumas teanga a fhorbairt i réimsí a mbaineann leis an saol scoile ach go háirithe.i. bainisteoireacht ranga, caidreamh le múinteoirí eile agus le tuismitheoirí agus mar sin de. Cur amach teoiriciúil agus praiticiúil na mac léinn ar an oideachas dátheangach a chothú. Forbairt straitéisí foghlama teanga na mac léinn a spreagadh ar mhaithe leis an bhforbairt ghairmiúil leanúnach. Cur leis an mbonn sonraí d'iarchéimithe atá inniúil ar mhúineadh trí Ghaeilge, lena chur chomh mór agus is féidir é le hinfhostaíocht na gcéimithe agus le freastal ar riachtanais fhoirne na scoileanna lánGhaelacha. To offer students of education an optional module in professional Irish. To develop students' linguistic and cultural competence in order to enable them to teach their selected subject confidently at all levels in Irish medium post-primary schools. To prepare students for the oral examination leading to the Teastas Gaeilge do mhúinteoirí Iarbhunscoile. To develop language proficiency in topics related to the school context in particular e.g. classroom management, interaction with peers and parents etc. To promote a theoretical and practical understanding of bilingual education. To encourage the further development of language-learning strategies for continued professional development.To increase the database of graduates competent to teach through Irish, to maximise their employability while also catering for the staffing requirements of Irish medium schools.

Syllabus:

Cuimseoidh an siollabas an clár staidéir faofa don Teastas Gaeilge do mhúinteoirí Iar-bhunscoile; acraí/acmhainní teagaisc do mhúineadh na n-ábhar trí mheán na Gaeilge; téarmaíocht do na hábhair phraiticiúla. Pléifear buncheisteanna a ghabhann leis an oideachas dátheangach in Éirinn sna léachtanna.

Learning Outcomes:

Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)

Ag deireadh an mhodúil seo beidh an mac léinn in ann: (1) leagan Gaeilge de curriculum vitae a dhréachtadh agus leagan Gaeilge d'fhoirm iarratais ar phost mar mhúinteoir a chomhlíonadh (2) plean ceachta agus acmhainní dá (h)ábhar a dhearadh agus a eagrú

Affective (Attitudes and Values)

Ag deireadh an mhodúil seo beidh an mac léinn in ann: (1) fiúntas acmhainní Gaeilge dá (h)ábhar a mheas (2) buntáiste na Gaeilge don iarratasóir ar phost múinteoireachta a thuiscint agus plean structúrtha don bhfoghlaim fhéinriartha a leagadh amach do bhliain dheireanach na céime

Psychomotor (Physical Skills)

Ag deireadh an mhodúil seo beidh an mac léinn: (1) ullamh do chur i láthair éifeachtach a dhéanamh ag bréagagallamh do phost mar mhúinteoir in earnáil na Gaelscolaíochta (2) in ann cumas a léiriú i réimsí teanga a mbaineann leis an saol scoile agus le téarmaíocht siollabas

How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:

Trí léachtanna, aoichainteanna, ceardlanna teanga agus teagmháil le Gaelscoileanna áitiúla. Tabharfar saintreoir do na mic léinn maidir le forbairt straitéisí foghlama Gaeilge lasmuigh den seomra teagaisc.

Research Findings Incorporated in to the Syllabus (If Relevant):

Prime Texts:

Aonad na Gaeilge (2002) Méanrang 1/2 , Pacáiste teagaisc inmheánach
Aonad na Gaeilge (2002) An Ghaeilge Ghairmiúil , Pacáiste teagaisc inmheánach
Aonad na Gaeilge (2002) Cúrsa Cruinnis , Pacáiste Teagaisc Inmheánach

Other Relevant Texts:

Programme(s) in which this Module is Offered:

Semester(s) Module is Offered:

Spring

Module Leader:

sarah.nidhuinnin@ul.ie