Page 1 of 1

Module Code - Title:

GA4141 - TEANGA, SOCHAÍ AGUS SAÍOCHT 1

Year Last Offered:

2026/7

Hours Per Week:

Lecture

2

Lab

0

Tutorial

3

Other

0

Private

5

Credits

6

Grading Type:

N

Prerequisite Modules:

Rationale and Purpose of the Module:

Go dtiocfadh na mic léinn ar thuiscint ar ghnéithe de shaol comhaimseartha agus d'oidhreacht na Gaeilge, agus go mbeadh ar a gcumas an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go cruinn agus go nádúrtha ar ábhair a bhaineann lena gcúlra féin, lena n-ábhair suime agus le saol na hOllscoile; go bhforbrófaí scileanna léamhthuisceana an mhic léinn aonair ar chorpas léitheoireachta sa nua-theanga.

Syllabus:

Ranganna teagaisc: Dianchúrsa feabhais i léamh, i scríobh agus i labhairt na Gaeilge le cleachtaí éisteachta, foghraíochta agus léitheoireachta san áireamh; gramadach fhoirmiúil agus fheidhmiúil; an teanga chumarsáideach; plé agus díospóireachtaí; leathnú foclóra agus nathanna cainte; cuntais agus gearraistí. Léachtaí: Grinnléitheoireacht ar dhírbheathaisnéisí roghnaithe; téacsanna de chuid na seanlitríochta faoi dhreach na Nua-Ghaeilge; stair na Gaeilge.

Learning Outcomes:

Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)

Nuair a bheidh an modúl seo curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn: - Beidh feabhas ar a chumas cumarsáide leis an bhfocal scríofa agus labhartha. - Beidh ar a chumas labhairt go cruinn ar réimse leathan ábhar a bhaineann lena shaol féin agus leis an ollscolaíocht. - Beidh eolas agus tuiscint aige ar ghnéithe tábhachtacha de dhírbheathaisnéisí na Gaeilge agus den seanchas, idir bhéaloideas agus litríocht scríofa.

Affective (Attitudes and Values)

Nuair a bheidh an modúl seo curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn, beidh ar a chumas: - Tuairimí a phlé faoi ionad agus foirm an tseanchais agus bheathaisnéisí luatha na hAthbheochana liteartha. - Tabhairt faoina chuid staidéir go neamhspleách. - Freagrachas a ghlacadh as feabhsú a chuid scileanna teanga.

Psychomotor (Physical Skills)

Nuair a bheidh an modúl seo curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn beidh: - A chuid scileanna i léamh agus scríobh na Gaeilge forbartha. - An Ghaeilge a labhairt go cruinn ó thaobh foghraíochta agus comhréire de.

How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:

Bíonn dhá léacht agus trí rang teagaisc in aghaidh na seachtaine ag an mac léinn. Bíonn aise mhór scríofa le cur isteach, agus mionaistí agus cur i láthair le réiteach le linn an tseimeastair. Bíonn scúdú scríofa agus scrúdú cainte ag deireadh an tseimeastair. Cuirtear béim ar labhairt na Gaeilge le linn na ranganna, idir mhic léinn agus baill foirne agus idir na mic léinn iad féin lasmuigh den seomra ranga.

Prime Texts:

MAC GABHANN, M (1959) Rotha Mór an tSaoil , Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta
Ó BAOILL, P. agus Ó TUATHAIL (1992) Úrchúrsa Gaeilge , B.Á.C.: I.T.É
Ó SÚILLEABHÁIN, M (1976) Fiche Blian ag Fás , B.Á.C.: An Gúm
Ó LOINGSIGH, E (1989) An Táin , B.Á.C.: An Clóchomhar
Ó DÓNAILL, N (1996) Seanchas na Féinne , B.Á.C.: An Gúm, eagrán

Other Relevant Texts:

NA BRÁITHRE CRÍOSTAÍ (1986) Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí , An Gúm
Ó DÓNAILL, N (1986) Foclóir Gaeilge-Béarla , B.Á.C.: An Gúm

Programme(s) in which this Module is Offered:

BACHELOR OF ARTS
BACHELOR OF ARTS (PROFESSIONAL PATHWAYS)
BACHELOR OF ARTS IN APPLIED LANGUAGES
BACHELOR OF ARTS IN CONTEMPORARY DANCE
BACHELOR OF ARTS IN ENGLISH AND HISTORY
BACHELOR OF ARTS IN EUROPEAN STUDIES
BACHELOR OF ARTS IN HISTORY, POLITICS, SOCIOLOGY AND SOCIAL STUDIES
BACHELOR OF ARTS IN IRISH AND NEW MEDIA
BACHELOR OF ARTS IN IRISH DANCE
BACHELOR OF ARTS IN IRISH MUSIC
BACHELOR OF ARTS IN IRISH MUSIC AND DANCE
BACHELOR OF ARTS IN LANGUAGES AND LITERATURE
BACHELOR OF ARTS IN MUSIC
BACHELOR OF ARTS IN VOICE
BACHELOR OF ARTS IN WORLD MUSIC
BACHELOR OF EDUCATION IN LANGUAGES
BACHELOR OF LAWS (LAW PLUS)
BACHELOR OF SCIENCE IN PHYSICAL EDUCATION

Semester(s) Module is Offered:

Module Leader:

Ciara.NiMhurchu@ul.ie