Module Code - Title:
GA4147
-
TEANGA, SOCHAÍ AGUS SAÍOCHT 5
Year Last Offered:
2026/7
Hours Per Week:
Grading Type:
N
Prerequisite Modules:
Rationale and Purpose of the Module:
Go mbeadh ar chumas an mhic léinn an Ghaeilge a ionramháil go cruinn nádúrtha i réimse leathan ábhar, agus go háirithe go mbeadh máistreacht aige ar na téamaí Gaeilge a bhaineann le hábhair eile a chéime; go mbeadh an mac léinn in ann an Caighdeán oifigiúil a úsáid agus a mhíniú; go mbeadh tuiscint ag an mac léinn ar an malartú teanga dhán comhaimseartha na Gaeilge in Éirinn idir shocheolaíocht agus pholaitíocht teanga; go mbeadh máistreacht ag an mac léinn aonair ar scileanna an aistriúcháin.
Syllabus:
Ranganna teagaisc: Feabhas a chur ar an gcumas bainte amach sa tríú bliain; grinnstaidéar ar an gCaighdeán Oifigiúil; gramadach.
Léachtaí: Aistriúcháin agus ceird an aistritheora; An dátheangachas, an débhéascna agus an malartú teanga.
Learning Outcomes:
Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)
Nuair a bheidh an modúl seo curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn:
- Beidh scileanna maithe aistriúcháin aige idir theoiric agus fheidhm.
- Beidh tuiscint aige ar an malartú teanga in Éirinn agus ar idé-eolaicht teanga an phobail agus an stáit le dhá chéad bliain anuas; beidh sé ábalta anailís chriticiúil a dhéanamh ar na fíricí agus cur chuige teoiriciúil agus feidhmiúil a léiriú.
- Beidh sé ábalta teoiricí comhaimseartha faoin dátheangachas a mheas agus a mhíniú.
Affective (Attitudes and Values)
Agus an modúl curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn beidh sé ar a chumas:
- Aistriúcháin agus téacsanna foilsithe a mheas agus a phrofadh.
- Cur chuige acadúil a léiriú ar cheist an dátheangachais agus ionad na Gaeilge sa saol comhaimseartha.
Psychomotor (Physical Skills)
Agus an modúl seo curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn, beidh ardchumas labhartha, cluaséisteachta, scríbhneoireachta agus léitheoireachta aige.
How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:
Bíonn dhá léacht agus dhá rang teagaisc ag gach mac léinn in aghaidh na seachtaine. Bíonn obair leanúnach le déanamh ag an mac léinn idir mhionaistí, thrialacha teanga agus chur i láthair, agus faigheann sé aiseolas orthu uile. Bíonn aiste thaighde le scríobh. Bíonn scrúdú scríofa agus scrúdú cainte ag deireadh an tseimeastair. Cuirtear béim ar an teanga labharta sna ranganna agus lasmuigh díobh, idir mhic léinn agus fhoireann.
Prime Texts:
Ó TUATHAIGH, M.A.G. (1990)
The Development of the Gaeltacht as a Bilingual Entity
, B.Á.C.: I.T.É.
Ó RIAIN, S. (1994)
Pleanáil Teanga in Éirinn 1919-1985
, B.Á.C.: Carbad/Bord na Gaeilge
Ó RIAGÁIN, P. (1997)
Language Policy and Social Reproduction: Ireland 1893-1993
, Oxford: Oxford University Press.
Ó MADAGÁIN, B. (1974)
An Ghaeilge i Luimneach 1700-1900.
, B.Á.C.: An Clóchomhar
Ó GLIASÁIN, M. (1996)
Ceist na Teanga sa Daonáireamh
, B.Á.C.: I.T.É.
NIC CRAITH, M. (1993)
Malartú Teanga: An Ghaeilge i gCorcaigh sa Naoú hAois Déag
, Bremen: Cumann Eorpach Léann na hÉireann
HINDLEY, R. (1990)
The Death of the Irish Language
, London & New York: Routledge
MCKONE, K. et al. (1994)
Stair na Gaeilge
, Maigh Nuad
Other Relevant Texts:
McCloskey, J. (2001)
Guthanna in Éag: An Mairfidh an Ghaeilge Beo?
, B.Á.C.: Cois Life
Durkacz, V. E. (1983)
The Decline of the Celtic Languages
, Edinburgh: John Donald
Programme(s) in which this Module is Offered:
BACHELOR OF ARTS
BACHELOR OF ARTS (PROFESSIONAL PATHWAYS)
BACHELOR OF ARTS IN APPLIED LANGUAGES
BACHELOR OF ARTS IN CONTEMPORARY DANCE
BACHELOR OF ARTS IN EUROPEAN STUDIES
BACHELOR OF ARTS IN IRISH AND NEW MEDIA
BACHELOR OF ARTS IN IRISH DANCE
BACHELOR OF ARTS IN IRISH MUSIC
BACHELOR OF ARTS IN IRISH MUSIC AND DANCE
BACHELOR OF ARTS IN LANGUAGES AND LITERATURE
BACHELOR OF ARTS IN MUSIC
BACHELOR OF ARTS IN VOICE
BACHELOR OF ARTS IN WORLD MUSIC
BACHELOR OF EDUCATION IN LANGUAGES
BACHELOR OF LAWS (LAW PLUS)
BACHELOR OF SCIENCE IN PHYSICAL EDUCATION
Semester(s) Module is Offered:
Module Leader:
s.b.osuilleabhain@ul.ie