Module Code - Title:
GA4148
-
TEANGA, SOCHAÍ AGUS SAÍOCHT 6
Year Last Offered:
2025/6
Hours Per Week:
Grading Type:
N
Prerequisite Modules:
Rationale and Purpose of the Module:
Go léireodh an mac léinn máistreacht iomlán ar na scileanna éagsúla teanga a bhí á gcothú agus á bhforbairt tríd an gcúrsa; go mbeadh tuiscint ag an mac léinn ar thopaicí reatha taighde i léann na Gaeilge; go mbeadh máistreacht ag an mac léinn ar ghnéithe de shochtheangeolaíocht agus de pholaitíocht na Gaeilge.
Syllabus:
Ranganna teagaisc: Ceisteanna gramadaí; cleachtadh ar úsáid na Gaeilge i réimse leathan ócáidí agus ábhar.
Léachtaí: Topaicí reatha taighde sa Ghaeilge; an phleanáil teanga agus polaitíocht na Gaeilge; an Ghaeilge agus an dlí; An Ghaeltacht Oifigiúil agus beartas teanga an stáit agus an phonail; Léiriú ar staid Ghaeilge na hAlban agus Mhanann.
Learning Outcomes:
Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)
Nuair a bheidh an modúl seo críochnaithe go sásúil ag an mac léinn:
- Beidh príomhthéacsanna canónacha litríocht na Nua-Ghaeilge léite go criticiúil aige.
- Beidh tuiscint fheidhmiúil aige ar pholaitíocht teanga, ar bheartas teanga agus ar dhán na Gaeilge sa saol comhaimseartha.
- Beidh eolas cruinn aige ar staid dlíthiúil agus bhunreachtúil na Gaeilge agus beidh sé ábalta a bheith páirteach sna díospóireachtaí náisiúnta a eascraíonn aisti.
- Beidh cur amach domhan aige ar an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht.
Affective (Attitudes and Values)
Agus an modúl curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn;
- Beidh sé ar a chumas leas a bhaint as a chuid scileanna anailíseacha agus as an eolas beacht a foghlaimíodh chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa díospóireacht leanúnach náisiúnta faoi ionad na Gaeilge sa saol.
- Beidh sé in inmhe leas tairbheach a bhaint as an tuiscint chriticiúil atá aige ar chorpas shaíocht na Gaeilge.
Psychomotor (Physical Skills)
Agus an modúl deiridh seo sa sraith fhochéime críochnaithe go sásúil ag an mac léinn, beidh ardchumas cainte agus scríofa aige, chomh maith le scileanna maithe éisteachta agus léitheoireachta.
How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:
Bíonn dhá léacht agus dhá rang teagaisc ag gach mac léinn in aghaidh na seachtaine. Bíonn obair leanúnach le déanamh ag an mac léinn idir mhionaistí, thrialacha teanga agus chur i láthair, agus faigheann sé aiseolas orthu uile. Bíonn aiste thaighde le scríobh. Bíonn scrúdú scríofa agus scrúdú cainte ag deireadh an tseimeastair. Cuirtear béim ar an teanga labharta sna ranganna agus lasmuigh díobh, idir mhic léinn agus fhoireann.
Research Findings Incorporated in to the Syllabus (If Relevant):
Prime Texts:
Maguire, G. (1990)
Our Own Language: An Irish Initiative
, Multilingual Matters
Ó Cearúil, M. (1999)
Bunreacht na hÉireann. A study of the Irish text
, Oifig an tSoláthair
Ó Cearúil. M. (2003)
Bunreacht na hÉireann: Divergences and inconsistencies? Neamhréireachtaí agus easpa leanúnachais?
, Coiscéim
Ó Laighin, P. (2003)
Acht na Gaeilge - Acht ar Strae. Léirmheas ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
, Coiscéim
Watson, I. (2003)
Broadcasting in Irish: Minority language, radio, television and identity
, Fourcourts
Other Relevant Texts:
Ó hIfearnáin, T. (2003)
Cumas agus Cleachtas na Litearthachta i Measc Daoine Fásta sa Ghaeltacht. Idir Lúibíní: Aistí ar an Litearthacht agus ar an Léitheoireacht. Ní Mhianáin, R. (eag.)
, Cois Life
Ó hIfearnáin, T. (2002)
Doimhne an Dúchais: Éagsúlacht san Aistriú Teanga i gCeap Breatainn na hAlban Nua.
, Taighde agus Teagasc 2
Programme(s) in which this Module is Offered:
Semester(s) Module is Offered:
Module Leader:
s.b.osuilleabhain@ul.ie