Page 1 of 1

Module Code - Title:

GA4161 - AN GHAEILGE FHEIDHMEACH DO CHEOLTÓIRÍ AGUS RINCEOIRÍ 1

Year Last Offered:

2026/7

Hours Per Week:

Lecture

2

Lab

0

Tutorial

2

Other

2

Private

2

Credits

6

Grading Type:

N

Prerequisite Modules:

GA4161

Rationale and Purpose of the Module:

Réasúnaíocht Is í an aidhm atá leis an modúl seo ná a chur ar chumas an mhic léinn déileáil le riachtanais teanga shuíomhanna an cheoil agus feasacht ar an nGaeilge mar cheann de bhun-fhoinsí an cheoil traidisiúnta a fhorbairt agus a chothú. Díreofár ar chomhthéacsanna praiticiúla an ranga cheoil, an tseisiúin, agallaimh agus raidió. Chuige déanfar forbairt ar na scileanna éisteachta, labhartha, léitheoireachta agus scríbhneoireachta seo agus déanfar saintéarmaíocht an cheoil a sholáthar do na mic léinn.

Syllabus:

Siollabas Cur síos ar thaithí shaoil go háirithe ar thaithí cheoil an an mhic léinn, saintéarmaíocht a bhaineann le huirlisí ceoil, leis an seisiún agus le múineadh an cheoil, scileanna cur i láthair, script raidió do chlár ceoil, agallamh le ceoltóir / rinceoir / amhránaí, ábhar clos-amhairc agus ábhar ón idirlíon.

Learning Outcomes:

Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)

Ag deireadh an chúrsa seo beidh ar chumas na mac léinn; - líofacht réasúnta a léiriú agus iad i mbun comhrá faoina gcúlra féin sa cheol agus sa rince traidisiúnta - próifíl ar cheoltóir / rinceoir / amhránaí a ullmhú agus a chur i láthair sa rang - cur síos a dhéanamh ar uirlisí ceoil - cur i láthair ó bhéal a dhéanamh sa rang ar thopaic a bhaineann lena sainspéiseanna ceoil féin - úsáid a bhaint as saintéarmaíocht agus iad ag cur síos ar uirlisí agus conas mar a sheinntear iad.

Affective (Attitudes and Values)

Mothaitheach Ag deireadh an chúrsa seo beidh ar chumas na mac léinn; - Comhoibriú le rannpháirtithe an mhodúil nuair a bhíonn grúpghníomhaíocht ar siúl. Cur le plé agus díospóireacht sa rang.

Psychomotor (Physical Skills)

Síceamótrach Ag deireadh an chúrsa seo beidh ar chumas na mac léinn; - Páirt a ghlacadh i seisiúin ceoil lena gcomhscoláirí.

How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:

Mar a mhúintear an modúl; Bíonn ceithre huaire teagaisc in aghaidh na seachtaine. Baintear úsáid as gnéithe den Chur Chuige Cumarsáide agus den Fhoghlaim Thascbhunaithe. Glacann na scoláirí páirt i ngníomhaíochtaí laistigh agus lasmuigh den seomra ranga.

Prime Texts:

Aonad na Gaeilge (2005) An Ghaeilge Fheidhmeach do Cheoltóirí agus Rinceoirí 1 , Pacáiste teagaisc inmheánach

Other Relevant Texts:

Programme(s) in which this Module is Offered:

BACHELOR OF ARTS IN CONTEMPORARY DANCE
BACHELOR OF ARTS IN IRISH DANCE
BACHELOR OF ARTS IN IRISH MUSIC
BACHELOR OF ARTS IN IRISH MUSIC AND DANCE
BACHELOR OF ARTS IN MUSIC
BACHELOR OF ARTS IN VOICE
BACHELOR OF ARTS IN WORLD MUSIC

Semester(s) Module is Offered:

Module Leader:

Maire.NiGhrada@ul.ie