Page 1 of 1

Module Code - Title:

GA6131 - ARD-SCILEANNA TEANGA I

Year Last Offered:

2025/6

Hours Per Week:

Lecture

3

Lab

0

Tutorial

0

Other

0

Private

12

Credits

9

Grading Type:

N

Prerequisite Modules:

Rationale and Purpose of the Module:

Is ag leibhéal C1 den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach um Theangacha (FTCET) a bheidh an modúl. Is é is cuspóir don mhodúl féachaint chuige go mbeidh máistreacht ag na mic léinn sna gnéithe teanga a rinneadh san fhochéim agus go gcuirfidh siad réimsí nua leis na gnéithe sin. Déanfaidh na mic léinn na gnéithe teanga sin a shealbhú trí mhionstaidéar ar chruinneas sa ghramadach agus sa teanga. Is trí mheán modheolaíochtaí teagaisc agus foghlama gníomhaí mar aon le foghlaim fhéinstiúrtha a dhéanfar é sin. Ar an gcaoi sin, cuirfear ar chumas na mac léinn ard-scileanna teanga a bhaint amach i réimse leathan ábhar a bheidh ag teacht le leibhéal C1 (FTCET), leibhéal atá ar aon dul le cumas an chainteora dhúchais nó i ngar dó.

Syllabus:

Téann an modúl seo i ngleic le máistreacht sa teanga ó thaobh na gramadaí, na cumarsáide, agus na scríbhneoireachta de; déanfaidh na mic léinn réimsí éagsúla teanga a scrúdú freisin. Ina theannta sin, tabharfaidh na mic léinn faoi thionscnamh mar chuid de mhodúl eile (Scileanna Cumarsáide) agus cuirfear líon áirithe seisiún teagaisc sa mhodúl seo i leataoibh chuige sin. Déanfaidh an tionscnamh sin scileanna cumarsáide agus cur i láthair a fhorbairt. Cuirfidh na mic léinn eolas ar chanúintí na Gaeilge agus ar an gCaighdeán Oifigiúil, agus ar na difríochtaí eatarthu.

Learning Outcomes:

Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)

Nuair a bheidh an modúl seo curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn: - beidh forbairt déanta ar an gcumas teanga ag leibhéal C1 den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach um Theangacha (FTCET). - beidh sé in ann ardchumas teanga a chur i bhfeidhm sa scríbhneoireacht, sa chaint, agus sa ghramadach - beidh an mac léinn in ann tuiscint a léiriú ar úsáid na gcanúintí agus úsáid an Chaighdeáin Oifigiúil

Affective (Attitudes and Values)

- beidh sé in ann tuiscint a léiriú ar chosúlachtaí agus ar dhifríochtaí idir na canúintí agus an Caighdeán Oifigiúil

Psychomotor (Physical Skills)

How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:

Rachfar i ngleic le hábhar leathan sa ghramadach agus i gcúrsaí teanga, faoi mar a luadh thuas. Chuige sin, déanfar obair phraiticiúil le linn na n-uaireanta teagaisc chun ard-scileanna teanga a fhorbairt. Leagfar béim ar leith ar chumas teanga na mac léinn a fhorbairt sa rang agus beifear ag súil leis go ndéanfaidh na mic léinn an cumas sin a fhorbairt as a stuaim féin freisin. Bainfear úsáid as modheolaíochtaí teagaisc agus foghlama gníomhaí sna seisiúin seo agus bainfear usáid as meascán díospóireachtaí, obair ghrúpa, cur i láthair, piarmheastóireacht, scríbhneoireacht mhachnamhach agus fóraim plé ar líne chun idirghníomhaíocht agus foghlaim fhéinstiúrtha a chothú.

Prime Texts:

Mac Giolla Phádraig, Brian (1963) Réchúrsa gramadaí , Brún agus Ó Nualláin
(1999) Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí , An Gúm
Ó Dónaill, Niall (1986) Foclóir Gaeilge-Béarla , An Gúm
Dónall P.Ó Baoill & Éamonn Ó Tuathail (1992) Úrchúrsa Gaeilge , Institiúid Teangeolaíochta Éireann
McCone, Kim et al. (1994) Stair na Gaeilge , An Sagart
() Cuirfear ábhar ar fáil agus molfar téacsanna eile le linn an chúrsa de réir mar a bheidh feiliúnach. ,
() An Caighdeán Oifigiúil , Tithe an Oireachtais

Other Relevant Texts:

Programme(s) in which this Module is Offered:

MÁISTREACHT SNA HEALAÍONA SA GHAEILGE
MÁISTREACHT SNA HEALAÍONA SA GHAEILGE (PÁIRTAIMSEARTHA)

Semester(s) Module is Offered:

Autumn

Module Leader:

Sile.deCleir@ul.ie