Module Code - Title:
GA6132
-
ARD-SCILEANNA TEANGA II
Year Last Offered:
2025/6
Hours Per Week:
Grading Type:
N
Prerequisite Modules:
Rationale and Purpose of the Module:
Is ag leibhéal C1 den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach um Theangacha (FTCET) a bheidh an modúl. Is é is cuspóir don mhodúl barr feabhais a chur ar scileanna teanga na mac léinn. Cuirfear lena gcumas teanga trí mhionstaidéar ar an ngramadach agus ar an gcruinneas ag baint úsáide as modheolaíochtaí teagaisc agus foghlama gníomhaí mar aon le foghlaim fhéinstiúrtha. Ar an gcaoi sin, beidh an modúl seo ag cur le hobair an mhodúil in Ard-Scileanna Teanga I agus cuirfear leis an gcumas teanga a baineadh amach sa mhodúl sin.
Syllabus:
Téann an modúl seo i ngleic le barr feabhais na teanga ó thaobh na gramadaí, na scríbhneoireachta, agus na scileanna aistriúcháin de. Ina theannta sin, tabharfaidh na mic léinn faoi thionscnamh mar chuid de mhodúl eile (Scileanna Aistriúcháin) agus cuirfear líon áirithe seisiún teagaisc sa mhodúl seo i leataoibh chuige sin chun scileanna aistriúcháin agus ard-chaighdeán sa teanga a bhaint amach. Déanfaidh na mic léinn réimeanna éagsúla teanga a scrúdú freisin.
Learning Outcomes:
Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)
Nuair a bheidh an modúl seo curtha i gcrích go sásúil ag na mic léinn:
- beidh forbairt déanta ar an gcumas teanga go háirithe ó thaobh an chruinnis, na gramadaí, agus na scríbhneoireachta de
- beidh machnamh déanta ar an úsáid a bhaineann siad féin as cúrsaí teanga agus beidh siad in ann na scileanna aistriúcháin a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar an úsáid sin
- beidh siad in ann tuiscint a léiriú ar réimeanna difriúla teanga sa Ghaeilge
Affective (Attitudes and Values)
- beidh siad in ann tuiscint a léiriú ar mhalairtíocht i réimeanna éagsúla teanga
Psychomotor (Physical Skills)
How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:
Rachfar i ngleic le hábhar leathan sa ghramadach agus i gcúrsaí teanga, faoi mar a luadh thuas. Chuige sin, déanfar obair phraiticiúil le linn na n-uaireanta teagaisc chun ard-scileanna teanga a fhorbairt. Leagfar béim ar leith ar chumas teanga na mac léinn a fhorbairt sa rang agus beifear ag súil leis go ndéanfaidh na mic léinn an cumas sin a fhorbairt as a stuaim féin freisin. Bainfear úsáid as modheolaíochtaí teagaisc agus foghlama gníomhaí sna seisiúin seo agus bainfear usáid as meascán díospóireachtaí, obair ghrúpa, cur i láthair, piarmheastóireacht, scríbhneoireacht mhachnamhach agus fóraim plé ar líne chun idirghníomhaíocht agus foghlaim fhéinstiúrtha a chothú.
Research Findings Incorporated in to the Syllabus (If Relevant):
Prime Texts:
Dónall P.Ó Baoill & Éamonn Ó Tuathail (1992)
Úrchúrsa Gaeilge
, Institiúid Teangeolaíochta Éireann
Mac Giolla Phádraig, Brian (1963)
Réchúrsa gramadaí
, Brún agus Ó Nualláin
(1999)
Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí
, An Gúm
Ó Dónaill, Niall (1986)
Foclóir Gaeilge-Béarla
, An Gúm
()
An Caighdeán Oifigiúil
, Tithe an Oireachtais
McCone, Kim et al. (1994)
Stair na Gaeilge
, An Sagart
()
Cuirfear ábhar ar fáil agus molfar téacsanna eile le linn an chúrsa de réir mar a bheidh feiliúnach.
,
Other Relevant Texts:
Programme(s) in which this Module is Offered:
Semester(s) Module is Offered:
Spring
Module Leader:
s.b.osuilleabhain@ul.ie