Module Code - Title:
GA6142
-
SCILEANNA AISTRIúCHáIN
Year Last Offered:
2024/5
Hours Per Week:
Grading Type:
N
Prerequisite Modules:
Rationale and Purpose of the Module:
Is é is cuspóir don mhodúl seo ná scileanna aistriúcháin na mac léinn a fhorbairt bunaithe ar thionscnamh aistriúcháin a dhéanamh. Nuair a bheidh an tionscnamh curtha i gcrích ag na mic léinn, beidh eolas acu ar obair an aistriúcháin agus ar na bealaí éagsúla is féidir tabhairt faoin obair sin. Beidh an modúl seo ag tógáil ar obair na fochéime go dtí pointe. Ina theannta sin, beidh an tionscnamh seo ceangailte le modúl eile (Ard-Scileann Teanga II) agus cuirfear líon áirithe seisiún teagaisc sa mhodúl sin i dtreo an tionscnaimh seo. Beidh na mic léinn ag obair faoi stiúir chomhordaitheoir an mhodúil (nó ball foirne eile) chun an tionscnamh a thabhairt chun críche.
Syllabus:
Téann an modúl seo i ngleic leis na scileanna aistriúcháin agus le teoiricí an aistriúcháin. Agus an tionscnamh seo idir lámha ag na mic léinn (i bpáirt leis an modúl in Ard-Scileanna Teanga II), beidh siad ag cur eolais ar an gcaoi le hobair an aistriúcháin a phleanáil; le tabhairt faoi obair an aistriúcháin; lena gcuid oibre féin a mheas; le machnamh a dhéanamh ar obair an aistriúcháin. Beidh an tionscnamh ag cabhrú leo chun cur lena gcumas teanga agus leis an gcruinneas freisin.
Learning Outcomes:
Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)
Nuair a bheidh an modúl seo curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn, beidh sé in ann:
- Rogha a dhéanamh faoin mbealach is fearr chun tabhairt faoin tionscnamh aistriúcháin.
- Cuntas a thabhairt ar an bpróiseas aistriúcháin ar baineadh úsáid as sa tionscnamh i bhfianaise roghanna éagsúla an aistritheora.
- Cuntas a thabhairt ar na deacrachtaí a casadh leis sa tionscnamh.
- An obair ar fad a thagairt do shamplaí eile aistriúcháin nó do theoiricí aistriúcháin de réir mar a bheidh feiliúnach agus breithiúnas a thabhairt ar an aistriúchán dá réir.
- Forbairt a dhéanamh ar na scileanna aistriúcháin tríd an obair phraiticiúil agus trí léiriú a thabhairt ar an bpróiseas machnaimh ar tugadh cuntas air mar chuid den tionscnamh.
Affective (Attitudes and Values)
- cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i dtéacs a aistríodh
- tuiscint a léiriú ar bhainistíocht a dhéanamh ar thionscnamh, ar fhéin-spreagadh, agus ar bheith ag obair as a stuaim féin
Psychomotor (Physical Skills)
How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:
Beidh an mac léinn ag obair as a stuaim féin i gcomhairle le stiúrthóir an tionscnaimh. Beidh an tionscnamh agus na scileanna a bheidh á bhforbairt ag tógáil ar obair na fochéime agus ar an modúl in Ard-Scileanna Teanga II. Buailfidh an mac léinn leis an stiúrthóir chun an obair a phlé i rith an tseimeastair. Is modúl é seo atá bunaithe ar thionscnamh. Ní bheidh aon léachtaí ná ranganna mar chuid den mhodúl dá réir, ach cuirfear líon áirithe seisiún teagaisc sa mhodúl Ard-Scileanna Teanga II i dtreo na hoibre seo chun na scileanna riachtanana a fhorbairt i gcomhthéacs foghlama gníomhaí. Gné lárnach sa mhodúl é an machnamh a dhéanfar ar an tionscamh agus tabharfadh na mic léinn cuntas ar na scileanna a sealbhaíodh, ar an gcaoi ar cuireadh i bhfeidhm sa tionscnamh iad, agus ar a bhforbairt teanga féin mar chuid den tionscnamh críochnaithe.
Prime Texts:
Mac Lochlainn, Antain (2018)
Ó Bhéarla go Gaeilge
, Cois Life
Munday, Jeremy (2016)
Introducing Translation Studies: theories and applications
, Routledge
Baker, Mona (2018)
In Other Words: A coursebook on translation
, Routledge
Mac Lochlainn, Antain (2000)
Cruinnscríobh na Gaeilge
, Cois Life
Other Relevant Texts:
Programme(s) in which this Module is Offered:
MÁISTREACHT SNA HEALAÍONA SA GHAEILGE
MÁISTREACHT SNA HEALAÍONA SA GHAEILGE (PÁIRTAIMSEARTHA)
Semester(s) Module is Offered:
Spring
Module Leader:
A.NicGiollaChomhaill@ul.ie