Page 1 of 1

Module Code - Title:

GA6151 - AN NUA-LITRÍOCHT

Year Last Offered:

2025/6

Hours Per Week:

Lecture

3

Lab

0

Tutorial

0

Other

0

Private

12

Credits

9

Grading Type:

N

Prerequisite Modules:

Rationale and Purpose of the Module:

Is é is cuspóir don mhodúl seo ná go mbeidh eolas leathan ag an mac léinn ar nua-litríocht na Gaeilge, na huirlisí anailíse cuí aige/aici, agus tuiscint dhomhain aige/aici ar an nua-litríocht i gcomhthéacs teagaisc agus foghlama gníomhaí. Is i gcomhthéacsanna criticiúla agus stairiúla faoi seach a bheidh an t-eolas agus an tuiscint sin. Ar chríochnú an mhodúil dó/di, beidh eolas cuimsitheach ag an mac léinn ar na téacsanna príomha i seánraí an úrscéil, na filíochta, an ghearrscéil agus na drámaíochta faoi seach. Agus na hinniúlachtaí riachtanacha cuí aige/aici chuige, beidh sé de chumas aige/aici nua-litríocht na Gaeilge a mheas. Beidh eolas domhain ag an mac léinn ar cheisteanna ábhair, stíle agus modhanna liteartha i réimsí éagsúla a bhaineann le seánraí nua-litríocht na Gaeilge. Beidh sé/sí láneolgaiseach maidir leis an gcoibhneas idir an nua-litríocht agus cúinsí forbartha agus stairiúla na teanga. Ar chríochnú an mhodúil dó/di, beidh an mac léinn ar an eolas faoi thoisí iasachta agus idirnáisiúnta a bhaineann le nua-litríocht na Gaeilge agus beidh tuiscint aige/aici orthu dá réir, idir mhionteangacha agus mhórteangacha an domhain. Maidir le lorg na n-ardán digiteach agus leictreonach, beidh an mac léinn ar an eolas faoin tionchar a d'imir na hardáin siúd ar fhorbairt nua-litríocht na Gaeilge, agus ar cheist thionchar na teicneolaíochta ar ábhar agus stíl liteartha.

Syllabus:

Sa mhodúl seo, déanfar iniúchadh ar théacsanna, léirmheasanna critice, díospóireachtaí comhaimseartha agus ábhar faoi leith i nua-litríocht na Gaeilge sa tréimhse idir 1930 agus 2010. Cíorfar úrscéala, gearrscéalta, filíocht agus drámaí le scríbhneoirí Gaeltachta agus Galltachta, agus scrúdófar aistriú téacsanna ó theangacha éagsúla na hEorpa go Gaeilge. Scrúdófar an cúlra agus an comhthéacs a bhaineann le forbairt nua-litríocht na Gaeilge agus lorg Athbheochan na Gaeilge ar an litríocht. Déanfar comparáid idir nua-litríocht ón nGaeltacht agus ón nGalltacht, agus déanfar grinneadh ar thábhacht cheist na teanga chomh fada le forbairt nua-litríocht na Gaeilge. Pléifear tábhacht na dtraidisiún liteartha agus béil ar théacsanna faoi leith, agus ar an tionchar a d'imir nua-aoiseachas na hEorpa agus na Rúise ar an nua-litriocht sin. I measc na n-ábhar a phléifear, beidh cúrsaí inscne, aicme agus teanga.

Learning Outcomes:

Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)

Nuair a bheidh an modúl seo curtha i gcrích ag na mic léinn go sásúil, beidh siad in ann: - eolas cuimsitheach a léiriú ar an nua-litríocht, idir úrscéalta, ghearrscéalta, dhrámaí agus fhilíocht - tuiscint a léiriú ar áit na dtéacsanna seo, ar a dtréithe agus a gcáilíocht liteartha trí bhíthin an phlé - téacsanna a mheas agus tátal a bhaint astu ó pheirspictíochtaí ilchineálacha a ndeachthas i ngleic leo sna léachtaí, san ábhar criticiúil agus san fhoghlaim ghníomhach - nua-litríocht na Gaeilge a mheas as cur chuige agus frámaí tagartha cuí a chur i bhfeidhm

Affective (Attitudes and Values)

- teicnící a mheas a bhaineann leis an scríbhneoireacht chruthaitheach sna seánraí de chuid nua-litríocht na Gaeilge a ndeachthas i ngleic leo sa mhodúl

Psychomotor (Physical Skills)

How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:

Trí léachtaí, plé ag na seimineáir agus ábhar taighde-bhunaithe a mhúinfear an modúl. Foghlaimeoidh na mic léinn as an éisteacht ghéar agus dul i ngleic leis na léachtaí; as an ábhar príomha agus tánaisteach a léamh (idir ábhar éigeantach, molta agus leictreonach); agus trí phróiseas na sintéise a chur ag obair go comhfhiosach. Foghlaimeoidh na mic léinn as sainábhar na seimineár a phlé lena gcomhpháirtithe, agus tabharfar treoir dóibh ar an bpróiseas sin. Iarrfar ar mhic léinn dialann mhachnaimh a choimeád ar an taithí fhoghlama. Is é an taighde a dhéanfaidh an mac léinn as a stuaim féin a chuimseoidh roinnt mhaith d'ualach oibre an mhodúil.

Research Findings Incorporated in to the Syllabus (If Relevant):

Prime Texts:

Bronte, Emily (1933) Arda Wuthering , Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais
Ní Dhomhnaill, Nuala (1984) Féar Suaithinseach , Má Nuad: An Sagart
Ní Ghráda, Mairéad (1995) An Triail , Baile Átha Cliath: An Gúm
Ó Cíobháin, Pádraig (1992) An Grá Faoi Cheilt , Baile Átha Cliath: Coiscéim
Ó Conghaile, Micheál (1999) Sna Fir , Indreabhán: Cló Iar Chonnacht
Ó Muirí, Daithí (2002) Cogaí , Indreabhán: Cló Iar Chonnacht
Ó Muirthile, Liam (1999) Liodán na hAbhann, , Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta
Titley, Alan (1993) An Fear Dána , Baile Átha Cliath: An Clóchomhar

Other Relevant Texts:

de Brún, Fionntán (2019) Revivalism and Modern Irish Literature: The anxiety of transmission and the dynamics of renewal , Cork: Cork University Press
de Brún, Sorcha (2007) "Dracula agus Seán Ó Cuirrín: Cuid 1. Ceisteanna cóirithe, téacsacha agus teanga.". Bliainiris 7: 166-203 ,
de Brún, Sorcha (2018) "Experiments with Realism in Irish Language Short Stories by Daithí Ó Muirí", Hungarian Journal of English and American Studies, Iml.25 (2), 375-478 ,
Doherty, Ronan, Ó Conchubhair, Brian agus O'Leary, Philip (2017) Úrscéalta na Gaeilge. Indreabhán: Cló Iar Chonnacht , Indreabhán: Cló Iar Chonnacht
Kiberd, Declan (1993) Idir Dhá Chultúr , Baile Átha Cliath: Coiscéim
Kiberd, Declan (2006) Irish Classics , London: Granta Books
Mullan, John (2006) How Novels Work , Oxford: Oxford University Press
Ní Dhonnchadha, Aisling (1981) An Gearrscéal sa Ghaeilge 1989-1940 , Baile Átha Cliath: An Clóchomhar
Ní Dhonnchadha, Aisling (2002) Idir Dhúchas agus Dhualgas: Carachtair Mhná sa Ghearrscéal Gaeilge 1940-1990 , Baile Átha Cliath: An Clóchomhar
Nic Eoin, Máirín (2008) 'Ó Cadhain, Kafka, agus Litríocht Uirbeach na Gaeilge', Irish Pages, Eanáir, Iml. 5 (2), 183-195 ,
Nic Eoin, Máirín (2006) "Contemporary Prose and drama in Irish 1940-2000", in Kelleher, M. agus O'Leary, P., (eag.),Cambridge History of Irish Literature 1890-2000 Iml.2. Cambridge: Cambridge University Press. 270-316. ,
Ó Cadhain, Máirtín (1969) Páipéir Bhána is Páipéir Bhreaca , BÁC: An Clóchomhar, 1969
Ó Conchubhair, Brian (2011) "An Gúm, the Free State and the Politics of the Irish Language". In Ireland, Design and Visual Culture: Negotiating Modernity 1922-1992, Linda King and Elaine Sisson (eag.) , Cork: Cork University Press
Titley, Alan (1991) An tÚrscéal Gaeilge , Baile Átha Cliath: An Clóchomhar

Programme(s) in which this Module is Offered:

Semester(s) Module is Offered:

Autumn

Module Leader:

Sorcha.DeBrun@ul.ie