Module Code - Title:
GA6152
-
AN BéARLA AGUS AN GHAEILGE: AN MALARTú TEANGA SA 19ú AGUS SA 20ú HAOIS
Year Last Offered:
2024/5
Hours Per Week:
Grading Type:
N
Prerequisite Modules:
Rationale and Purpose of the Module:
Is é is cuspóir don mhodúl seo léargas a thabhairt don mhac léinn ar úsáid na Gaeilge mar theanga phobail ar fud na hÉireann sa 19ú agus sa 20ú haois. Ina theannta sin, tabharfar tuiscint dó ar an dátheangachas agus ar an malartú teanga. Agus an modúl seo críochnaithe ag mac léinn beidh cur amach aige ar na príomhfhoinsí a thugann léargas dúinn ar úsáid na Gaeilge sa 19ú haois agus sa 20 haois luath, idir scríobh agus labhairt. Beidh eolas aige ar na hacmhainní ilmheáin is nua agus is fearr a thugann léargas dúinn ar stór cultúrtha na Gaeilge ón tréimhse sin agus tuiscint aige ar an gcaoi ar cuireadh na hacmhainní seo ar fáil go digiteach. Beidh sé in ann leas a bhaint as an bhfoghlaim agus na hacmhainní seo go léir ina chuid taighde, teagaisc nó in obair ghairmiúil eile amach anseo. Sheasfadh an t-eolas agus na scileanna inaistrithe seo go mór don té ar spéis leis dul ag obair i réimse na ndaonnachtaí digithe go háirithe.
Syllabus:
Cuirfidh na mic léinn eolas ar an malartú teanga in Éirinn sa 19ú agus 20ú haois agus beidh siad in ann an t-eolas sin a léiriú. I measc an ábhair a rachfar i ngleic leis, tá: scríobh na Gaeilge (1800-82); traidisiún na lámhscríbhinní déanacha; úsáid na Gaeilge i litreacha pearsanta; an chlódóireacht Ghaeilge; úsáid na Gaeilge sna heaglaisí agus sna cúirteanna sa 19ú haois; léargas tíreolaíoch ar an an malartú teanga agus scaipeadh an Bhéarla sa 19ú/20ú haois - déanfar staidéar ar leith ar chontaetha áirithe; foinsí comhaimseartha, fianaise starógach agus an malartú teanga; cuntais bhéaloidis ar an malartú teanga - greann na míthuisceana agus an dátheangachas; 'An Ghaeltacht' 1890-1925 - coincheap nua; taifeadtaí fuaime & físe ar na cainteoirí deireanacha - Doegen (1928-31), Coimisiún Béaloideasa Éireann (1929-1970), RTÉ (1947-), Cartlann an Bhrainse Logainmneacha (1961-c.1980); Atlas Teangeolaíochta Wagner (1958); plé ar fhoghraíocht áitiúil shloinnte agus ar fhocail Ghaeilge atá ar iasacht sa Bhéarla; ceardlann ar bhailiú logainmneacha & ainmneacha páirce ón traidisiún béil.
Learning Outcomes:
Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)
Agus an modúl seo curtha i gcrích ag an mac léinn go sásúil:
- beidh sé in ann tuiscint a léiriú ar na cúinsí iomadúla a stiúraigh an malartú teanga in Éirinn.
- beidh sé in ann breithiúnas meáite a thabhairt ar an athrú teanga i gceantair ar leith in Éirinn.
- beidh sé ar a chumas tuairiscí comhaimseartha ar an malartú teanga (ar nós Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis, an Statistical Survey, Parish Surveys agus go leor eile) a mheas go criticiúil.
- beidh sé de chumas aige anailís a dhéanamh ar na daonáirimh ó 1851 i leith maidir le cúrsaí teanga.
Affective (Attitudes and Values)
- beidh sé in ann tuiscint a léiriú ar úsáid na teanga agus an t-athrú a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm uirthi le himeacht aimsire
Psychomotor (Physical Skills)
How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:
Déanfar an t-ábhar a theagasc i bhfoirm léachtaí/ceardlann/seimineár. Leagfar béim ar leith ar an idirghníomhaíocht agus ar an bhfoghlaim fhéinstiúrtha. Is i gcartlann dhigithe atá formhór na bhfoinsí atá ar fáil chun an malartú teanga seo a thuiscint - iarrfar ar mhic léinn anailís a dhéanamh ar na dúshláin taighde, teanga, eagarthóireachta agus teicneolaíochta a ghabhann le cartlann dhigithe den chineál seo a chruthú agus a fhorbairt agus an t-ábhar seo faoi chaibidil sna ranganna - bíodh obair ghrúpa, cuir i láthair ghearra, nó físeáin i gceist. Beidh deis ag mic léinn cur le cuid de na bailiúcháin seo (Meitheal Logainm.ie nó Dúchas.ie mar shampla) mar chuid d'obair an mhodúil. Beifear ag súil leis go gcuirfidh an mac léinn lena chuid eolais trí staidéar a dhéanamh as a stuaim féin.
Prime Texts:
Wolf, N.M. (2014)
Wolf, N.M. (2014) An Irish¿speaking island: state, religion, community and the linguistic landscape in Ireland, 1770¿1870.
, Madison: The University of Wisconsin Press
Kelly, J, & C. Mac Murchaidh (2012)
Irish and English: Essays on the Irish linguistic and cultural frontier, 1600-1900.
, BÁC: Four Courts Press.
Wolf, N.M. (2014) An Irish¿speaking island: state, religion, community and the linguistic landscape in Ireland, 1770¿1870. Madison: The University of Wisconsin Press
Ó Torna, C.
(2005)
Cruthú na Gaeltachta 1893-1922.
, BÁC: Cois Life
Kellegher, M. (2018)
The Maamtrasna murders: language life and death in nineteenth¿century Ireland.
, BÁC: UCD Press.
Ó Cuív, B. (1951)
Irish dialects and Irish¿speaking districts.
, BÁC: Institiúid Ard¿Léinn Bhaile Átha Cliath.
FitzGerald, G. (1984)
'Estimates for Baronies of Minimum Level of Irish-¬¿Speaking Amongst Successive Decennial Cohorts: 1771¿1781 to 1861-1871', Proceedings of the Royal Irish Academy: Section C: Archaeology 84C, 117-155.
,
Other Relevant Texts:
Ní Úrdail, M.
(2012)
'Léann agus litríocht sa naoú céad déag: cás Chúige Uladh'. In F. de Brún, & S. Mac Mathúna, eagí., Teanga agus litríocht na Gaeilge i gCúige Uladh sa naoú céad déag. Éigse Loch Lao 1, 40-86
, Béal Feirste: Ollscoil Uladh
Wagner, H. (1969)
Linguistic atlas and survey of Irish dialects, iml. I-IV.
, BÁC: Institiúid Ard¿Léinn Bhaile Átha Cliath.
Mac Mathúna, L. (2007)
An Béarla sa Ghaeilge
, Indreabhán : Cló Iar-Chonnachta
Walsh, J. (2011)
'Athchuairt ar an mBreac¿Ghaeltacht: fianaise stairiúil ar an athrú teanga i gCúige Mumhan. Béascna 7, 85-118.
,
Phelan, M. (2019)
Irish speakers, interpreters and the courts, 1754-1921.
, BÁC: Four Courts Press.
Programme(s) in which this Module is Offered:
MÁISTREACHT SNA HEALAÍONA SA GHAEILGE
MÁISTREACHT SNA HEALAÍONA SA GHAEILGE (PÁIRTAIMSEARTHA)
Semester(s) Module is Offered:
Spring
Module Leader:
Aengus.Finnegan@ul.ie