Page 1 of 1

Module Code - Title:

GA6153 - TRáCHTAS

Year Last Offered:

2023/4

Hours Per Week:

Lecture

0

Lab

0

Tutorial

0

Other

50

Private

0

Credits

30

Grading Type:

N

Prerequisite Modules:

Rationale and Purpose of the Module:

Is é is cuspóir don mhodúl seo cur ar chumas an mhic léinn mórthioscnamh taighde a chur i gcrích ina ndéanfadh an mac léinn scileanna taighde agus scileanna scríbhneoireachta acadúla a fhorbairt (ábhar a roghnú, dul amach ar an ábhar, anailís a dhéanamh ar an ábhar, cuntas a thabhairt ar thorthaí an taighde, argóint a chur chun cinn ar bhealach ciallmhar soiléir). Cuirfidh an mac léinn leis an ábhar léinn trí thaighde nua a chur i gcrích. Beidh rogha ag an mac léinn tabhairt faoi ábhar tráchtais sa scríbhneoireacht chruthaitheach ach dul i gcomhairle le comhordaitheoir na máistreachta. Beidh gné shuntasach taighde agus mhachnaimh i gceist mar chuid de thráchtas sa scríbhneoireacht chruthaitheach freisin.

Syllabus:

Beidh an modúl seo ag tógáil ar chuid mhúinte na máistreachta agus ar na modhanna taighde a pléadh sna modúil éagsúla. Roghnóidh an mac léinn ábhar taighde nua a bhaineann le Léann na Gaeilge i gcomhairle le stiúrthóir an tráchtais. Beifear ag súil leis go mbeidh an mac léinn in ann a bheith ag obair as a stuaim féin i gcomhairle leis an stiúrthóir. Déanfaidh an modúl na scileanna seo a fhorbairt: obair neamhspleách faoi stiúir; freagracht a ghlacadh as mórthioscnamh a chur i gcrích; saineolas a fhorbairt san ábhar taighde, agus cur leis an réimse taighde sin.

Learning Outcomes:

Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)

Nuair a bheidh an modúl seo curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn, beidh sé in ann: - ábhar taighde cuí a roghnú agus ábhar léitheoireachta a bhaineann le hábhar a aimsiú. - an scoláireacht atá déanta go dtí seo a mheas agus breithiúnas a thabhairt uirthi. - mórthionscnamh taighde a leagan amach agus a chur i gcrích. - foinsí bunaidh agus foinsí tánaisteacha a úsáid de réir mar a bheidh feiliúnach. - anailís a dhéanamh ar thorthaí an taighde agus argóint a chur chun cinn bunaithe ar an bhfianaise agus ar an anailís sin.

Affective (Attitudes and Values)

Nuair a bheidh an modúl seo curtha i gcrích go sásúil ag an mac léinn, beidh sé in ann: - a chuid ama a bhainistiú go maith - obair a dhéanamh as a stuaim féin ar bhonn leanúnach - cloí le gnásanna eitice i gcúrsaí taighde de réir mar a bheidh feiliúnach

Psychomotor (Physical Skills)

How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:

Beidh an mac léinn ag obair as a stuaim féin le treoir ón stiúrthóir chun tráchtas 13,000-15,000 focal a chur i gcrích. Ní bheidh aon uaireanta teagaisc ag leanúint an mhodúil, ach buailfidh an stiúrthóir agus an mac léinn le chéile chun obair an tráchtais a phlé i rith na bliana. Ní mór don mhac léinn féachaint chuige go mbeidh sé i dteangmháil leis an stiúrthóir agus an obair á déanamh chun í a thabhairt chun críche. Iarrfar ar na mic léinn páipéar a thabhairt faoin gcuid taighde mar chuid de sheimineáir Léann na Gaeilge freisin.

Prime Texts:

Leedy, Paul D. & Ormrod, Jean E. (2021) Practical Research: Planning and Design (10th Edition) , Pearson.

Other Relevant Texts:

Programme(s) in which this Module is Offered:

MÁISTREACHT SNA HEALAÍONA SA GHAEILGE
MÁISTREACHT SNA HEALAÍONA SA GHAEILGE (PÁIRTAIMSEARTHA)

Semester(s) Module is Offered:

Summer

Module Leader:

A.NicGiollaChomhaill@ul.ie