Module Code - Title:
GA6161
-
SCILEANNA CUMARSáIDE
Year Last Offered:
2026/7
Hours Per Week:
Grading Type:
N
Prerequisite Modules:
Rationale and Purpose of the Module:
Is é is cuspóir don mhodúl seo ná scileanna cumarsáide agus eolas na mac léinn ar na meáin a fhorbairt bunaithe ar thionscnamh ilmheán a dhéanamh (m. sh. clár faisnéise a chur le chéile, clár nuachta a thaifead nó a leithéid). Nuair a bheidh an tionscnamh curtha i gcrích ag na mic léinn, beidh eolas acu ar thionscnamh ilmheán a dhearadh, ar eagarthóireacht a dhéanamh ar thionscnamh dá leithéid agus ar an tionscnamh a chur i láthair. Beidh an modúl seo ceangailte le modúl eile (Ard-Scileann Teanga I) agus cuirfear líon áirithe seisiún teagaisc sa mhodúl sin i dtreo an tionscnaimh seo. Beidh na mic léinn ag obair faoi stiúir chomhordaitheoir an mhodúil chun an tionscnamh a thabhairt chun críche.
Syllabus:
Téann an modúl seo i ngleic leis an gcumarsáid agus leis na meáin, idir mheáin scríofa, closamhairc, agus labhartha. Beidh na mic léinn ag cur eolais ar an gcaoi le tionscnamh a dhearadh; le tabhairt faoi obair an tionscnaimh; lena gcuid oibre féin a mheas; le cuntas a thabhairt ar ábhar an tionscnaimh, ábhar a bhaineann le Léann na Gaeilge, agus leis an tionscnamh a chur i láthair i bhfoirm ilmheánach.
Learning Outcomes:
Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)
Nuair a bheidh an modúl seo curtha i gcrích go sásúil ag na mic léinn, beidh siad in ann tuiscint a léiriú ar:
- bheith ag plé le comhaid ilmheán; iad a dhearadh agus iad a chur in eagar.
- tionscnamh ilmheánach a fhorbairt de réir nósanna deartha agus eagarthóireachta.
- an tionscnamh críochnaithe a chur i láthair agus cuntas éifeachtach a thabhairt ar ábhar an tionscnaimh sin do lucht éisteachta ginearálta
Affective (Attitudes and Values)
- cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le lucht éisteachta
- tuiscint a léiriú ar bheith ag obair as lámha a chéile le comhpháirtithe, ar bhainistíocht a dhéanamh ar thionscnamh, ar fhéin-spreagadh, agus ar bheith ag obair as a stuaim féin
Psychomotor (Physical Skills)
How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:
Déanfar an tionscnamh agus na scileanna cumarsáide a fhorbairt ag tarraingt ar an gcúrsa fochéime agus mar chuid den mhodúl in Ard-Scileanna Teanga I. Beidh an mac léinn ag obair as a stuaim féin i gcomhairle le stiúrthóir an tionscnaimh. Buailfidh an mac léinn leis an stiúrthóir chun an obair a phlé i rith an tseimeastair. Is modúl é seo atá bunaithe go príomha ar thionscnamh. Ní bheidh aon léachtaí ná ranganna mar chuid den mhodúl seo, ach cuirfear líon áirithe seisiún teagaisc sa mhodúl Ard-Scileanna Teanga I i dtreo an tionscnaimh.
Prime Texts:
Delap, Breandán (2012)
Ar an taifead: fís, fuaim, focal.
, Cois Life
Other Relevant Texts:
Programme(s) in which this Module is Offered:
MÁISTREACHT SNA HEALAÍONA SA GHAEILGE
MÁISTREACHT SNA HEALAÍONA SA GHAEILGE (PÁIRTAIMSEARTHA)
Semester(s) Module is Offered:
Autumn
Module Leader:
Maire.NiGhrada@ul.ie