Page 1 of 1

Module Code - Title:

GA6162 - BéALOIDEAS & EITNEOLAÍOCHT

Year Last Offered:

2024/5

Hours Per Week:

Lecture

3

Lab

0

Tutorial

0

Other

0

Private

12

Credits

9

Grading Type:

N

Prerequisite Modules:

Rationale and Purpose of the Module:

Is é is cuspóir don mhodúl seo ná eolas a chur ar an saol traidisiúnta in Éirinn ó thréimhse na nua-aimsearthachta go dtí an 20ú haois, idir phobal, chreideamh, fheisteas, agus scéalaíocht; iniúchadh a dhéanamh ar an scéalaíocht thraidisiúnta agus ar na teoiricí a raibh tionchar acu ar fhás agus ar fhorbairt an bhéaloidis mar dhisciplín acadúil ón 19ú haois i leith. Beidh dhá chuid sa mhodúl seo: (i) eitneagrafaíocht na tuaithe agus (ii) teoiricí, téacsanna & taifid i léann an bhéaloidis. Cinnteoidh an leagan amach dépháirteach seo go dtabharfar mionléargas don mhac léinn ar réimse fairsing ábhar, coincheap agus teoiricí a bhaineann le léann an bhéaloidis agus léann na heitneolaíochta in Éirinn agus níos faide i gcéin.

Syllabus:

Eitneagrafaíocht na tuaithe: Sa chuid seo den mhodúl, díreoidh na mic léinn ar an gcóras creidimh a bhí forleathan i measc phobal na tuaithe in Éirinn ó thréimhse na Nua-aimsearthachta go dtí an 20ú haois. Ina theannta sin, scrúdófar an córas feistis agus éadaigh agus déanfar plé ar na gnéithe sóisialta agus stairiúla sin den saol seo trí scrúdú a dhéanamh ar na foinsí béaloidis. Chomh maith leis sin, díreofar ar an gcultúr ábhartha traidisiúnta i gcomhthéacs an mhúsaeim: féachfar ar na slite éagsúla gur féidir gnéithe eitneagrafaíochta an phobail a léiriú i suíomh poiblí. Téacsanna, Taifid agus Léann an Bhéaloidis: sa chuid seo den mhodúl, déanfar iniúchadh ar an scéalaíocht thraidisiúnta agus ar na teoiricí a raibh tionchar acu ar fhás agus ar fhorbairt an bhéaloidis mar dhisciplín acadúil ón 19ú haois i leith. Déanfar na teoiricí sin a chur i bhfeidhm trí anailís chriticiúil a dhéanamh ar thaifid scríofa, fuaime agus físe den scéalaíocht ó chartlanna éagsúla. Déanfar mionstaidéar ar chúrsaí taibhléirithe i gcultúr béil na hÉireann trí iniúchadh a dhéanamh ar an chomhthéacs shoch-chultúrtha inar tháinig taifid cartlainne den scéalaíocht ar an bhfód agus ar na bailitheoirí agus na faisnéiseoirí a raibh ról lárnach acu i bpróiseas cruthaithe na dtaifead cartlainne.

Learning Outcomes:

Cognitive (Knowledge, Understanding, Application, Analysis, Evaluation, Synthesis)

Ar chur i gcrích an mhodúil seo go sásúil dó/di, beidh ar chumas an mhic léinn: • Sárthuiscint a léiriú ar theoiricí agus ar shaothair thábhachtacha i léann an bhéaloidis agus i léann na heitneaghrafaíochta. • Iniúchadh criticiúil a dhéanamh ar réimse leathan téacsanna agus ábhar cartlainne. • An cultúr ábhartha a thagairt do na téacsanna béaloidis. • Bheith ábalta teoiricí an bhéaloidis agus na heitneagrafaíocht a chur i bhfeidhm ar na téacscanna. • an béalaoideas a mheas ag baint úsáide as cur chuige agus frámaí tagartha cuí

Affective (Attitudes and Values)

• Léiriú a thabhairt ar bheith ábalta dul i ngleic le creideamh, nósanna, cultúr ábhartha, litríocht, agus foinsí bunaidh

Psychomotor (Physical Skills)

How the Module will be Taught and what will be the Learning Experiences of the Students:

Déanfar an t-ábhar a theagasc i bhfoirm léachtaí/ceardlann/seimineár. Leagfar béim ar leith ar mhodheolaíochtaí teagaisc agus foghlama gníomhaí sna seisiúin seo agus bainfear usáid as meascán díospóireachtaí, obair ghrúpa, cur i láthair, piarmheastóireacht, scríbhneoireacht mhachnamhach agus fóraim plé ar líne chun idirghníomhaíocht agus foghlaim fhéinstiúrtha a chothú. Bainfear úsáid as CBÉ mar aon le scríbhinní tábhachtacha i ngort na hantrapólaíochta idirnáisiúnta agus i ngort an fheistis chun frámaíocht anailíse a sholáthar don ábhar. Beifear ag súil leis go gcuirfidh an mac léinn lena chuid eolais trí staidéar a dhéanamh as a stuaim féin.

Prime Texts:

Clifford Geertz (1966) 'Religion as a Cultural System' in Michael Banton (eag.), Anthropological Approaches to the Study of Religion. ASA Monographs 3 , Tavistock
Ó hÍde, T. 2019. (2019) Seáinín Tom Sheáin: From Árainn to the Silver Screen , BÁC: Comhairle Bhéaloideas Éireann
Gearóid Ó Crualaoich (2003) The Book of the Cailleach , Cork university Press
Paul Stoller (1997) (1997) Sensuous Scholarship , University of Pennsylvania Press
Petr Bogatyrev (1971) The Functions of Folk Costume in Moravian Slovakia , Mouton
Mairead Dunlevy (1989) Dress in Ireland: a history , Collins Press
Joanne B. Eicher & Brent Luvaas (2019) The Anthropology of Dress and Fashion: a reader. , Bloomsbury
Annette B. Weiner & Jane Schneider (1989) Cloth and Human Experience , Smithsonian Institution Press
Apo, S. (1995) . The Narrative World of Finnish Fairy Tales: Structure, Agency and Evaluation in Southwest Finnish Folktales. , Helsinki: Suomalainen Tiedeakatemia, Academia Scientiarum Fennica
Bendix, R. (1997) In Search of Authenticity: The Formation of Folklore Studies. , Madison: The University of Wisconsin Press
Cashman, R. (2008) Storytelling on the Northern Irish Border: Characters and Community. , Bloomington: Indiana University Press
Ennis, S & uí Ógáin, R. (2007) 'Mise an fear ceoil': Séamus Ennis - dialann taistil 1942-1946 , Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta
Glassie, H. 1995. (1995) Passing the Time in Ballymenone: Culture and History of an Ulster Community. , Bloomington: Indiana University Press
Harvey, C. B. 1992. (1992) Contemporary Irish Traditional Narrative: The English- Language Tradition , Berkeley: University of California Press
William James (1902) The Varieties of Religious Experience , Longmans, Green & Co.

Other Relevant Texts:

Abrahams, R. D. (1992) 'The Past in the Presence: An Overview of Folkloristics in the Late 20th Century'. In: Kvideland, R. (eag.) Folklore Processed: In Honour of Lauri Honko on His 60th Birthday 6th March 1992, 32-51. , Helsinki: Suomalaisen Kirjallisuuden Seura
Ben-Amos, D. (1971) 'Toward a Definition of Folklore in Context'. The Journal of American Folklore 84(331), 3-15. ,
Briggs, C. L. & Naithani, S. (2012) The Coloniality of Folklore: Towards a Multi- Genealogical Practice of Folkloristics'. Studies in History 28(2), 231-270 ,
O¿ Laoire, L. (2013) '"The Gaelic Undertow": Sea¿n O¿ hEochaidh's Field Trip to the Bluestacks in 1947'. In: Potts, D. L. (eag.) This Landscape's Fierce Embrace: The Poetry of Francis Harvey. , Newcastle upon Tyne: Cambridge Scholars Publishing
Nic Giolla Chomhaill, A. (2019) 'An saol i scáthán an scéil': léamh soch-chultúrtha ar scéal iontais a d'inis Mícheál Breathnach ón Mhám, Contae na Gaillimhe. Comhar Taighde 5. DOI:10.18669/ct.2019.02 ,
O¿ Cadhla, S. (2011) An tSlat Fe¿ithleoige: Ealai¿ona an Du¿chais 1800-2000. Indreabha¿n: Clo¿ Iar-Chonnacht. , Indreabha¿n: Clo¿ Iar-Chonnacht.
O¿ Giolla¿in, D. (2005) An Du¿chas agus an Domhan. Cork: Cork University Press , Cork: Cork University Press
Honko, L. (2013) Theoretical Milestones: Selected Writings of Lauri Honko. , Helsinki: Suomalainen Tiedeakatemia, Academia Scientiarum Fennica.

Programme(s) in which this Module is Offered:

MÁISTREACHT SNA HEALAÍONA SA GHAEILGE
MÁISTREACHT SNA HEALAÍONA SA GHAEILGE (PÁIRTAIMSEARTHA)

Semester(s) Module is Offered:

Spring

Module Leader:

Sile.deCleir@ul.ie